The People’s Declaration

The People’s Declaration

Éilíonn muidne, muintir na hEorpa, teicneolaíocht a fhreastalaíonn orainn, in ionad sinn, ár bpobail agus ár ndaonlathais a chur i mbaol.

Larraimid deireadh a chur le samhail ghnó scriosach na Mórtheicneolaíochta atá i ndiaidh ár gcuid sonraí féin a iompú inár gcoinne.

Éilímid idirlíon níos fearr, áit a mbeidh saoránaigh in ann rochtain a fháil ar bhonneagar agus ar fhaisnéis ríthábhachtach, agus an úsáid is fearr a bhaint as nasc agus rannpháirtíocht, gan beag is fiú a dhéanamh dínn i ngeilleagar faireachais calaoiseach.

Larraimid domhan nach féidir le haon ghrúpa beag billiúnaí mionathrú beag a dhéanamh d’algartam agus cinniúint na mbilliúin a athrú gan srianta nó eagla roimh iarmhairt.

Áitímid ar gach duine a bhfuil baint acu le reachtaíocht san Eoraip a scrúdú agus a rith seasamh ar thaobh na ndaoine a ndéanann tú ionadaíocht orthu agus gach beart is gá a dhéanamh chun mí-úsáidí na Mórtheicneolaíochta a shrianadh agus cearta bunúsacha daoine a chosaint, go criticiúil - ceart saoirse cainte do chách.

Meabhraímid duit gurb é do phost muidne, na daoine, a chosaint agus ní brabúis mórchuideachtaí teicneolaíochta a oibríonn le saoirse ó phionós laistigh dár dteorainneacha.

Is í an chéad chéim thábhachtach ná Acht um Sheirbhísí Digiteacha láidir a sheasann mar chéad bheart cosanta i gcoinne díobhálacha na Mórteicneolaíochta. Caithfidh sé:

1. Múch an meaisín ionramhála

Tá córais agus halgartaim nimhneacha na Mórteicneolaíochta ag cur le fuathchaint agus bréagaisnéis - ag úsáid gach fabhtlíne sochaíoch mar arm le faireachas gan staonadh chun “rannpháirtíocht” a uasmhéadú. Ní amháin go gcruthaíonn gníomhaithe seachtracha na rioscaí sistéamacha seo ach is gné iad de mhúnla gnó mí-eiticiúil neamhchoinsiasach. Tá sé thar am do na hardáin seo an riosca a bhaint as an ndearadh, a halgartaim a dhíthocsainiú, fíor-smacht a thabhairt d’úsáideoirí orthu agus a bheith cuntasach as gan déanamh amhlaidh.

2. Stop le faireachas le haghaidh brabúis

Mealladh sinn chun “toiliú” a thabhairt maidir le faireachas. Níor tugadh rogha fiúntach dúinn riamh. Caithfidh an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an tAcht um Margaí Digiteacha (DMA) deireadh a chur le fógraíocht faireachais nár iarr aon duine riamh. Ní fhéadfaidh úsáid seirbhísí digiteacha a bheith ag brath ar fhaireachas agus próifíliú. Ina theannta sin, éilímid trédhearcacht maidir le gach gné d’fhógraí ar líne agus forfheidhmiú ár gcearta sonraí chun iad a thabhairt i gcrích.

3. Cuir daoine ar ais i gceannas

Ní féidir le Mórtheicneolaíocht a bheith i gceannas i gcónaí mar bhreitheamh agus giúiré. Ní mór don Acht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) cumhachtaí níos láidre a chruthú do rialtóirí chun Mórtheicneolaíocht a choinneáil cuntasach, lena n-áirítear trí chumhachtaí láidre iniúchta nach féidir leis na cuideachtaí míúsáid a bhaint astu. Ní féidir leis an Eoraip ligean do na teipeanna forfheidhmithe tarlú in athuair mar a tharla leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

Déanann ár n-eagraíochtaí ionadaíocht ar níos mó ná 71,872,881 saoránach ar fud an AE. Seolaimid teachtaireacht aontaithe inniu: ní chuirfimid suas leis an ionsaí corparáideach gan staonadh seo ar ár saol agus ar ár saoirse.

Táimid ag súil agus ag éileamh go seasfaidh ár n-ionadaithe tofa linn.

Síniú,

  1. aHang
  2. AI Forensics
  3. Albanian Media Council (Këshilli Shqiptar i Medias)
  4. Alliance4Europe
  5. All Out
  6. AI Forensics
  7. Amnesty Hungary
  8. Amnesty International
  9. Amnesty International Česká Republika
  10. Amnistia Internacional Portugal
  11. Associação ILGA Portugal
  12. Aufstehn.at
  13. Avaaz
  14. BeLonG To
  15. Betterplace Lab
  16. Bilitis Resource Center Foundation
  17. Campact
  18. Centar za mirovne studije \| Centre for Peace Studies
  19. Center for Countering Digital Hate
  20. Centre for Research on Multinational Corporations (SOMO)
  21. Civil Liberties Union for Europe
  22. Coalition For Women In Journalism
  23. Compassion in Politics
  24. Corporate Europe Observatory
  25. Critical Future Tech
  26. Cyber Rights Organization
  27. D64 (Germany)
  28. Daphne Caruana Galizia Foundation
  29. Dare to be Grey
  30. Data Rights
  31. De Goode Zaak
  32. Declic
  33. Defend Democracy
  34. Defesa dos Direitos Digitais
  35. Demos
  36. DigiQ
  37. Disruption Network Lab e.V.
  38. Društvo Ženska svetovalnica
  39. Ελληνικό Παρατηρητήριο των Συμφωνιών του Ελσίνκι - Greek Helsinki Monitor
  40. Eesti Inimõiguste Keskuse
  41. Eesti LGBT Ühing
  42. Ekō
  43. Eticas Foundation
  44. Eurochild
  45. European Network Against Racism
  46. European Public Service Union (EPSU)
  47. European Roma Rights Centre
  48. European Trade Union Confederation/Confédération Européenne des Syndicats
  49. European Youth Forum
  50. Fair Vote UK
  51. Faith Matters
  52. Federación de Consumidores y Usuarios CECU
  53. Forum for Equitable Development
  54. Foundation for Market Information Research (SOMI)
  55. Foxglove
  56. Freedom United
  57. Friends of the Earth Europe
  58. Gays and Lesbians Accepted in Society Foundation
  59. Glitch
  60. Global Action Plan
  61. Global Witness
  62. Gong
  63. Hate Aid
  64. Hexatrust
  65. Human Rights Monitoring Institute
  66. Inštitut - Marec
  67. Institute for Strategic Dialogue
  68. International Simultaneous Policy Organisation (ISPO)
  69. Irish Council for Civil Liberties
  70. KaskoSan Roma Charity
  71. Le Mouvement
  72. LGBT Deystvie
  73. Lie Detectors
  74. Lobby Control
  75. Mirovni Institute
  76. Missing Children Europe
  77. Motif
  78. Netwerk Democratie
  79. Never Again Association / NIGDY WIĘCEJ
  80. New Design Congress
  81. Open Rights Group
  82. Panoptykon Foundation
  83. Ranking Digital Rights
  84. Rasismin Ja Muukalaispelon Vastainen Yhdistys Ry
  85. Reporters Sans Frontières
  86. Repubblika
  87. She Persisted
  88. Skiftet.org
  89. Statewatch
  90. Stop Climate Chaos
  91. Stop Data Porn
  92. Stop Funding Heat
  93. Super Bloom (formerly Simply Secure)
  94. Superrr Lab
  95. Tell MAMA
  96. The Citizens
  97. The Good Lobby
  98. The London Story (Netherlands)
  99. The Peter Tatchell Foundation
  100. The Real Facebook Oversight Board
  101. The Signals Network
  102. Transparência Internacional Portugal
  103. Transparency International EU
  104. Transparency International Lithuania
  105. Transparency International Nederland
  106. Transparent Referendum Initiative
  107. Udesin
  108. Unblack the Box
  109. Unicorns in Tech
  110. UNI europa – The European Services Workers Union
  111. Uplift
  112. VoxPublic
  113. Waag
  114. WeMove Europe
  115. Women in AI (Austria)
  116. Women's Lobby of Slovenia
  117. World Uyghur Congress (Germany)
  118. 0D
  119. 5Rights Foundation
Menu